An tAcht um Athléimneacht Oibriúcháin Dhigiteach (DORA)

Tá DORA ina Rialachán an AE dírithe go príomha ar a chinntiú go ndéanann eintitis airgeadais bainistíocht ar rioscaí a eascraíonn as úsáid na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC), ag leathnú chuig bainistiú rioscaí tríú páirtí TFC nuair a úsáidtear soláthraithe seirbhísí seachfhoinsithe. Tá IORPanna (scéimeanna pinsin) a chomhlíonann critéir áirithe i measc na n-eintiteas airgeadais i raon feidhme DORA.  

Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach na comhaid ghaolmhara thíos. Foilseofar gach nuashonrú ón Údarás Pinsean maidir le DORA ar an leathanach seo.

Tabhair faoi deara le do thoil go ndéanfaidh an tÚdarás an doiciméad C&A a nuashonrú de réir mar is gá.