Foilsíonn an tÚdarás Pinsean nuashonrú faisnéise le haghaidh máistir-iontaobhais
2 Meitheamh 2022: Inniu, foilsíonn an tÚdarás Pinsean nuashonrú faisnéise le haghaidh máistir-iontaobhais roimh an spriocdháta comhlíonta an 1 Iúil 2022.
Soláthraíonn an nuashonrú tuilleadh faisnéise do mháistir-iontaobhais maidir leis an spriocdháta comhlíonta atá le teacht agus a eascraíonn as ceisteanna a chuir iontaobhaithe, bunaitheoirí agus soláthraithe seirbhíse máistir-iontaobhas ar an Údarás le 12 mhí anuas.
Tá an nuashonrú ar fáil faoi Chomhad(í) Gaolmhara thíos.
Nuacht trí sheirbhís foláirimh ríomhphoist
Féadfaidh tú clárú saor in aisce ar shuíomh Gréasáin an Údaráis chun foláireamh ríomhphoist a fháil am ar bith a fhoilsíonn an tÚdarás faisnéis ar a shuíomh Gréasáin.
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
Aonad Teicniúil
An tÚdarás Pinsean
Teil: 01 613 1900
info@pensionsauthority.ie